Áiseanna

ar mhaithe le bhur n-éascaíocht

Tá neart áiseanna curtha ar fáil againn le cur le do chuairt, ónár leithreas múirínithe den chineál is nua-aimseartha, áiteanna picnice nó leantóir caife - tá gach rud clúdaithe againn.

Páirceáil

Tá dhá charrchlós ar an tearmann. Tá spás sa phríomh-charrchlós ar Bhóthar Leath Chiana fá choinne 25 charr. Tá spás sa charrchlós ar Bhóthar na Griollí fá choinne 10 gcarr.

Leithris

In 2021 chuir muid isteach dhá leithreas múirínithe den chineál is nua-aimseartha isteach ar an tearmann. Úsáideann na leithris seo an córas iomráiteach a d’fhorbair Natsol agus tá siad neamhdhíobhálach don timpeallacht. Tá an dá bhothán leithris inrochtana ag lucht úsáidte cathaoireacha rothaí.

Greim Gasta

Cuireann An Croí, Teach Caife, leantóir caife ar fáil i gcarrchlós Bhóthar Leath Chiana idir an Cháisc agus Deireadh Fómhair. Thig leat roghnú as measc réimse deochanna teo agus fuara agus sult a bhaint as smailcín milis de dhéantús baile agus tú ag ligean do scíste i ndiaidh do shiúlóide ar na bealaí siúil. Amharc ar leathanach facebook Ghreim Gasta le tuilleadh eolais a fháil.

Áiteanna picnice

Tá áiteanna picnice ar fud an tearmainn, mar sin bí cinnte agus ciseán bia a thabhairt leat don teaghlach agus ball suaimhneach a aimsiú. Tchífidh tú na háiteanna picnice marcáilte ar léarscáil an tearmainn. Iarraimid ort cuidiú aire a thabhairt don tearmann agus na boscaí bruscair atá ar fáil a úsáid.