Tá an tearmann i gcomhsheilbh Choiste Forbartha Charn Tóchair agus an Iontaobhais Coillearnaí. Comhoibríonn an dá eagraíocht lena chinntiú go ndéantar an iarsma speisialta seo de thírdhreach ársa Éireannach a chosaint agus a chaomhnú i rith an ama.
Suite ar imeall Shliabh Speirín, tá éagsúlacht shaibhir gnáthóg sa tearmann, lena n-áirítear coillearnach ársa, bogach agus cluain, agus tá abhainn na Griollaí ar feadh a imill. Is dídean é don dúlra agus is cinnte go bhfaighidh tú spléachadh ar rud éigin speisialta le linn do chuairte.
Treoraíonn na cosáin siúil ghrádaithe thú tríd an tearmann dúlra mar a dtiocfaidh tú ar neart áiteanna le do scíste a ligean agus picnic a bheith agat.
You might see our rare breed cows and sheep used for conservation grazing, and of course a range of local wildlife who have made their home in Drumnaph.
Cibé acu a chaithfeas tú uair an chloig nó an lá ar fad, tá neart le tairiscint ag an tseoid seo i bhfolach.
1 km
1.5 km
4 Km