Tearmann Dúlra Dhroim nDamh

Ár
bhFís

Éiteas Pobail

Is anaclann dúlra faoi úinéireacht an phobail é Droim nDamh, atá anois ina chuid ríluachmhar dár mbonneagar pobail áitiúil. Tá cur chuige nuálach againn i leith ciall don chomhúinéireacht a fhorbairt, agus ba chuidiú seo maidir le héiteas cumhachtach freagrachta a fhorbairt i dtaca le caomhantas comhshaoil ag gach leibhéal dár bpobal. 

Spreagadh an pobal leis an tearmann a úsáid agus taitneamh a bhaint as go tuisceanach ó cheann ceann na bliana, agus bhí an spreagadh seo ar na gnéithe ba thábhachtaí a bhí ann maidir le ciall don choimirce phobail a fhorbairt don tsócmhainn thábhachtach oidhreachta seo. Úsáideann an pobal an tearmann ar bhealaí éagsúla: daoine ag úsáid na gcosán siúil ar mhaithe le caitheamh aimsire gach lá, imeachtaí agus gníomhaíochtaí eagraithe ar a n-áirítear gníomhaíochtaí sláinte agus folláine, picnicí teaghlaigh, ár siúlóid laindéir bhliantúil, an oíche champála theaghlaigh, garradóireacht phobail agus oiliúint chaomhantais. 

Tá clár oideachais agus óige iontach tábhachtach fosta le tuigbheáil don chaomhantas dúlra a fhorbairt, agus bheir ár gclár saorálaíochta an deis do dhaoine, idir óg agus sean, cuidiú maidir le hoibreacha caomhantais agus an clár imeachtaí pobail a chur ar fáil. 

San achar ghairid ama ó tá an anaclann in úinéireacht an phobail tá sé anois lárnach inár gclár pobail, ag cur ar fáil réimse de bhuntáistí dearfacha don phobal. I measc na mbuntáistí seo tá feabhas ar shláinte agus folláine meabhrach agus chorpartha, níos mó comhtháthú pobail, buntáistí oideachais agus oibre óige, athréimniú na Gaeilge, cur chun cinn na n-ealaíon agus an chultúir, sin uilig agus ag an am chéanna tacú le caomhantas nádúir agus inbhuanaitheacht chomhshaoil agus iad sin a chur chun cinn. Is tionscadal fíor-nuálach agus fíor-eiseamláireach é, a léiríonn an méid is féidir a bhaint amach trí úinéireacht an phobail a spreagadh ar shócmhainní oidhreachta nádútha áitiúla. 

"Tá cur chuige nuálach againn i leith ciall don chomhúinéireacht a fhorbairt, agus ba chuidiú seo maidir le héiteas cumhachtach freagrachta a fhorbairt i dtaca le caomhantas comhshaoil ag gach leibhéal dár bpobal."

Ár Scéal

Bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair in 1992 le hathbheochan an phobail áitiúil a chur chun cinn, le stad a chur le bánú agus meath na tuaithe trí sheirbhísí agus bonneagar pobail a fheabhsú, le ciall láidir don mhórtas pobail a fhorbairt agus pobal níos inbhuanaithe a dhéanamh de Charn Tóchair.   

 

Óna thús, bhí caomhnú agus athréimniú ár n- oidhreachta lárnach i bhfís an chumainn, idir chosaint agus feabhsú ár n-oidhreachta nádútha agus athréimniú ár dteanga dhúchais agus ár gcultúir. Cuidíonn saibhreas na logainmneacha Gaeilge, na ndlithe ársa, an tseandálaíocht, an béaloideas, an stair atá ar taifead, agus ár dtraidisiúin áitiúla, cuidíonn siad go léir chun tuigbheáil agus caomhnú ár n- oidhreachta nádúrtha agus ár dtírdhreacha a shaibhriú. 

 

Nuair a tháinig an t-áiméar aníos in 1999 sciar de choillearnach ársa agus gnáthóga thart timpeall uirthi a fháil thapaigh muid an deis. I gcomhar leis an Iontaobhas Coillearnaí, rinne muid socrú le sciar 80 acra a cheannach ina raibh coillearnach ársa, móinteán, páirceanna innillte agus beagna 1km de ghnáthóga aibhne. I ndiaidh é a fháil, thug an tIontaobhas Coillearnaí faoi phlandáil nua agus cosáin a thógáil ar mhaithe le rochtain an phobail.  

 

Ansin tháinig 130 acra de thailte in aice láimhe aníos ar díol in 2012, ina raibh gréasán de ghnáthóga, le coillearnach ársa, eanach, móinteán, tailte ársa innillte, agus 1km eile de ghnáthóg aibhne. Bhí an t-ádh dearg ar Choiste Forbartha Charn Tóchair go raibh siad ábalta an maoiniú a fháil ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir agus ón tSeirbhís Oidhreachta Comhsaoil leis na tailte seo a fháil. I ndiaidh é a fháil thug muid faoi réimse de ghníomhartha caomhantais ar an láthair, ag tógáil cosán le rochtain phoiblí agus áiseanna tábhachtacha poiblí a chur ar fáil ar an tearmann, agus chuir muid tréad beag d’eallach neamhchoitianta ar bun le go mbeadh innillt chaomhantais ar an tearmann. 

 

Inniu tá bithéagsúlacht shaibhir an tearmainn caomhnaithe agus feabhsaithe agus tá sin anois ina chuid lárnach dár mbonneagar pobail, ag cur ar fáil réimse leathan de bhuntáistí pobail.

Ár dtodhchaí

Is micreacosma an tearmann dár dtírdhreach ársa agus tá an saibhreas agus an éagsúlacht ann a d’fhorbair ar feadh na mílte bliain. Níl ach fíorbheagán ceantar ann a chaomhnaigh réimse chomh leathan sin de ghnáthóga idirnasctha ar láthair amháin le gur féidir a leithéid d’éagsúlacht beatha plandaí agus ainmhithe a chaomhnú. 

Agus tuigbheáil ag méadú ar an tábhacht a bhaineann le caomhantas nádúir, bithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht, d’fhéadfadh an taisce shaibhir seo de bhithéagsúlacht ról tábhachtach a imirt leis an bhithéagsúlacht amach anseo a mhéadú ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. 

D’fhéadfadh Droim nDamh a bheith ríthábhachtach le gnáthnóga a bhfuil éagsúlacht shaibhir iontu a athréimniú ar thailte thart timpeall air agus ar láithreacha eile. Tá pleananna againn a bheith ag obair le comhpháirtithe, lena n-áirítear ollscoileanna, gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí, grúpaí caomhantais agus úinéirí talaimh leis an fhéidearthacht is mó a bhaint amach i dtaca leis an tsaibhreas bithéagsúlacht atá againn sa tearmann leis an bhithéagsúlacht a mhéadú ar láithreacha eile. Tá féidearthacht mhór ag baint le seo a chur ar fáil trí dhorchlaí dúlra a úsáid go láithreacha atá cóngarach, plandáil nua agus athghiniúint nádúrtha ar láithreacha in aice láimhe agus trí shíol a chur ar láithreacha réigiúnacha nó náisiúnta eile a bhfuil a mbithéagsúlacht caillte acu. 

Creidimid go bhfuil ár gcur chuige pobail i leith an chaomhantais dúlra ina eiseamláir thábhachtach a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do phobail eile ar mian leo céimeanna gníomhacha a ghlacadh lena sócmhainní oidhreachta a chaomhnú agus, ag an am chéanna, réimse do bhuntáistí pobail eile a chur ar fáil. Ba mhaith linn tionchar ár dtionscadail a mhéadú a thuilleadh trínár n- eispéiris a chomhroinnt le pobail ar bith eile a bhfuil spéis acu úinéireacht a ghlacadh ar a sócmhainní nádúrtha áitiúla agus iad a bhainistiú. 

Creidimid gurb é an chiall don chomhúinéireacht agus don choimirce a spreagann an tionscadal seo an bealach is éifeachtaí lena chinntiú go gcosnófaidh an ghlúin seo agus na glúine atá le teacht an tsócmhainn thábhachtach oidhreachta san fhadtéarma.