Caomhantas

Timpeallacht ar leith

Cuireann Tearmann Dúlra Pobail Dhroim nDamh ar fáil timpeallacht ar leith a d’fhorbair ar feadh na mílte bliain ó fhoraois dhlúth agus bogaigh ar theocht mheasartha go gréasán níos oscailte de ghnáthóga éagsúla. Tharla an t- athrú mar gheall ar idirgdhabháil daoine trí innillt beostoic ísealdéine ó tháinig na chéad fheirmeoirí go hÉirinn timpeall 6,000 bliain ó shin. Lig an cur chuige ísealdéine seo do lear mór de na gnáthóga a raibh éagsúlacht shaibhir iontu inár dtírdhreach ársa mairstin taobh le cleachtais talmhaíochta ár sinsear. 

Tá an t-ádh dearg orainn gur lean an cur chuige ísealdéine seo i leith na feirmeoireachta ar aghaidh ar an tearmann go dtí an t-am i láthair agus go raibh muid ábalta an iarsma seo dár dtírdhreach ársa a chaomhnú. Mar gheall ar dhiansaothrú an talaimh feirmeoireachta sa tírdhreach níos leithne, tá an tearmann anois ina chuid ríthábhachtach dár n-oidhreacht éiceolaíoch a chaithfear a chaomhnú. Is taisclann dár mbithéagsúlacht é a fhéadfaidh lá éigin ról tábhachtach a imirt leis na gnáthnóga saibhre atá ann a athréimniú i dtírdhreach i bhfad níos leithne. 

20250422_093146
GA