Cosáin do pháistí

Tum tú féin i miotas saibhir na hÉireann

Slí na Sí

Ar Bhealach Loch Bran tiocfaidh tú ar Shlí na Sí. Faigh amach faoi shaibhreas mhiotais agus sheanchas na hÉireann agus foghlaim faoi na carachtair dhiamhrach atá sna scéalta is ansa linn.

I seanchas na nGael, deirtear go maireann an slua sí faoin talamh i liosanna sí, i bpolláin faoi chnoc nó fiú amháin ar oileáin draíochta. Creideann go leor daoine go bhfuil an domhan acu dofheicthe ach go mbíonn siad amach is isteach i ndomhan na ndaoine. Má amharcann tú as ruball do shúile, b'fhéidir go mbeidh sé d’ádh ort duine acu a fheiceáil, ach ná bí chomh maolintinneach sin is a shílstean gur daoine beaga iad an lucht sí, nó bíonn siad ar gach cruth agus méid.

Tóg ceann de na bileoga gníomhaíochta agus amharc an dtig leat an teachtaireacht rúnda a oibriú amach ar do bhealach.

1 km

Am
0.5/1 Uair
Fad
1 km
Deacracht
Furasta

1.5 km

Tóraíocht an Oghaim

Is aibítir chianársa é an tOgham a bhí in úsáid le Gaeilge a scríobh suas go dtí an Mheánaois. Seans gur fhorbair sé mar rúnscríbhinn le teachtaireachtaí rúnda a chosaint. Bhain gach litir san ogham le crann nó planda ar leith atá le fáil in Éirinn; tugtar Ogham Chraobh air fosta.

Gabh ag taiscéaladh ar Bhealaí an Ruachain agus Loch Bran go bhfaighidh tú gach litir san Ogham Chraobh agus an crann nó planda a bhaineann léi.
Am
0.5/1 Uair
Fad
1.5 km
Deacracht
Furasta

leathanaigh oibre séasúracha

Cliceáil thíos leis na leathanaigh oibre séasúracha do pháistí atá saor in aisce a íoslódáil

Moladh

5/5
5/5
5/5