Is iarsma é Droim nDamh de choill ársa Ghleann
Con Cadhain agus Choill Íochtair a chlúdaigh
tráth timpeall ochtó míle chearnógach tráth idir
Loch nEachadh agus Sliabh Speirín. I ndiaidh do
na chéad fheirmeoirí teacht timpeall 6,000
bliain ó shin, d’fhorbair an ceantar seo ó
fhoraois dhlúth chianaosta go gréasán saibhir
de choillearnach, móinteán, aibhneacha agus
réitigh foraoise a d’úsáidtí fá choinne innilte
chomh maith le lonnaíochtaí ráthanna (a bhfuil
trí cinn suite sa tearmann).
Cé gur cailleadh cuid mhór d’fhoraoisí ollmhóra
na hÉireann i dtús na meánaoiseanna, mhair an fhoraois ársa go dtí an seachtú haois déag a
bhuí le cuid de na dlíthe cosanta comhshaoil is
luaithe dá bhfuil ar eolas againn san Eoraip,
Dlíthe na mBreithiúna nó an Féineachas.
Cuireadh na dlíthe i bhfeidhm ón ré réamh-
Chríostaí ar aghaidh leis na foraoisí ársa seo a
chosaint, agus chuidigh siad an tírdhreach seo a
chosaint ar feadh beagnach 1,500 bliain go dtí
go ndearnadh é a dhúshaothrú le linn an
tseachtú haois déag agus an ochtú haois déag.
Tá an t-ádh dearg orainn micreacosma den
éiceachóras seo a bhí i réim tráth a bheith
againn, a mhair go míorúilteach go dtí an lá atá
inniu ann.
Is é saibhreas na hoidhreachta seo ilghnéitheacht na ngnáthóg: coillearnach ársa, coillearnach leathnádúrtha, gnáthóga fáil sceiche, móinteán, eanach, talamh féaraigh ársa agus níos mó ná míle d’abhainn atá tábhachtach fá choinne sceitheadh bradáin agus a bhfuil diúilicíní fionnuisce inti. Maireann na gnáthóga seo go léir ar leithligh sa mhór- thírdhreach, ach is beag ceantar ar fad, má tá ceantar ar bith ann, ina bhfuil na gnáthóga seo idirghaolta agus idirnasctha chomh dlúth sin. Ligeann seo dár dtearmann tacú le héiceachóras i bhfad níos casta agus idirghaolta ná mar atá i dtírdhreach níos leithne an lae inniu. Ina leith seo is taisclann é an tearmann don éiceachóras chasta idirnasctha seo a d’fhéadfadh cuidiú an bhithéagsúlacht a chur ar ais i réim agus a neartú inár suíomhanna ‘oileánda’ éiceolaíocha i Lár Uladh agus níos faide i gcéin.
Osclaíonn Droim nDamh fuinneog ar thírdhreach ár staire cianaosta mar a raibh foraois, caorán agus bogach ar na gnáthnógaí a bhí i réim. Micreacosma de thírdhreach ársa na hÉireann atá ann, ciste taisce de bhithéagsúlacht ina bhfuil timpeallacht nádúrtha shaibhir á caomhnú do na glúine atá le teacht.
Is taisclann é an tearmann dár n-oidhreacht chomhshaoil agus seandálaíochta, chomh maith lenár dtraidisiún cultúrtha agus teanga. Nascann sé ár bpobal lena stair agus, dá réir sin, forbraíonn sé todhchaí níos fearr agus inbhuanaithe.
ÁR GCULTÚR AGUS ÁR SCÉALTA
Tá béaloideas, stair agus traidisiún béil saibhir ag baint le Droim nDamh agus Gleann Con Cadhain. Is é Droim nDamh láthair scéil thábhachtaigh miotaseolaíochta atá ina nasc áitiúil luachmhar le cnuasach ársa Eorpach oidhreachta béaloidis, scéalta na Fiannaíochta (a bhfuil scéal Chlochán an Aifir san áireamh ann chomh maith). Tugann na scéalta seo gné léargasach agus spéisiúil don oidhreacht áitiúil. Trínár ngníomhaíochtaí pobail déanaimid na scéalta seo a cheiliúradh agus a thabhairt chun beatha le go mbainfidh gach glúin taitneamh astu.
Go stairiúil, bhí gréasán de chosáin trasna an tearmainn, agus tá daoine áitiúla á úsáid leis na céadta bliain le dul ar scoil, leis an bhaile mhór áitiúil a bhaint amach agus le cuairt a thabhairt ar bhailte fearainn in aice láimhe. Tá áit iontach speisialta ag an tearmann i seanchas agus oidhreacht na háite, ina n-áirítear scéalta fá scoláire taistil, fear deaslámhach agus oibrídarbh ainm Mac Cartaine, a deirtear a chaitheadh am sa naoú haois déag faoi cheann de na crainn mhóra darach sna coillte ar a dtugtar Dair Mhic Cartaine go fóill.
Inár mbéaloideas ársa, scríbhinní dhlíthe na
mBreithiúna, tá imeachtaí stairiúla taifeadta
agus sa traidisiún béil tá aithris shaibhir ar
Dhroim nDamh agus is cuidiú iad chun téamaí
tábhachtacha oidhreachta an tionscadail seo a
bheochan agus a chur in iúl.
Tá Coiste Forbartha Charn Tóchair ag obair go
gníomhach leis na héiceachórais sa tearmann a
neartú agus le húinéirí talaimh áitiúla a
spreagadh le bheith páirteach i bhfeabhsú na
bithéagsúlachta sna ceantair máguaird trí eolas
a chur chun cinn ar chaomhnú bithéagsúlachta
agus ar fhaisnéis faoin raon dreasachtaí atá ar
fáil d’úinéirí talaimh le bithéagsúlacht a chur
chun cinn ar a dtailte.
Baineann Droim nDamh le béaloideas áitiúil a
mhair sa traidisiún béil agus a scríobhadh síos i
dtús an naoú haois déag mar chuid de Litreacha
na Suirbhéireachta Ordánais le Seán Ó
Donnabháin. Baineann an scéal béaloidis le
scéalta na Fiannaíochta, a taifeadadh go
leitheadach ar fud na hÉireann, na hAlban agus
Oileán Mhanann, a bhaineann le heachtraí
Fhinn mhic Cumhaill.
Is dóiche gur iarsma é scéal Dhroim nDamh de
scéal Fiannaíochta. Leoga, tá iarsmaí eile
scéalaíochta agus logainmneacha Fiannaíochta
sa cheantar, mar shampla tá scéal áitiúil ar leith
ann a bhaineann le Suí Finn, cnoc atá os cionn
na láithreach, a d’fhéadfadh a bheith ina mhír
as alt den scéal chéanna.
In the Drumnaph story, Fionn was hunting within the area with his dog Bran. During the hunt Bran raised a Damh or Stag which quickly vanished underground whereupon Bran immediately started digging to unearth the stag. Unfortunately, despite his frantic digging, Bran was unable to uncover the stag and the hole which Bran had formed quickly filled with water, drowning Bran and forming Lough Bran. It is said that the shape of the stag can be seen in the ridge on the reserve which became known as Droim nDamh and the low hill adjacent to Lough Bran, formed by Bran’s digging is known as Mullach Bhrain (Bran’s hillock).